Tá ráite ag Urlabhraí Ghnóthaí Tuaithe, Forbairt Pobail agus na Gaeltachta Shinn Féin, Conor McGuinness TD, go bhfuil ceisteanna tromchuiseacha ardaithe ag an Dréacht-Ráiteas Pleanála Náisiúnta nua maidir le tithíocht inbhuanaithe tuaithe agus Gaeltachta a d’fhoilsigh an Rialtas inné.
Tá soiléiriú iarrtha ag an Teachta Dála ó Phort Láirge maidir le cur i bhfeidhm an riail 3 ciliméadar, breis infheistíocht mhéadaithe ag teastáil do thithe sóisialta agus inacmhainne, agus tá ceist curtha aige ar an fáth nár éirigh leis na hAirí Browne agus Cummins aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna pleanála ar na hoileáin.
An dainséar is mó atá ann ná go laghdóidh an Ráiteas Tionchair Teanga nua atá beartaithe do cheantracha Gaeltachta líon na dtithe do chainteoirí Gaeilge in eastáit tithíochta nua sa Ghaeltacht.
Dúirt an Teachta Dála McGuinness:
“Arís, tá neamhaird déanta ag an Rialtas ar an méid atá ag teastáil ó phobal na nGaeltachta, na mílte Gaeilgeoirí a mháirseáil tríd shráideanna Bhaile Átha Cliath naoi mí ó shin, agus grúpaí Gaeilge ar nós Bánú agus Conradh na Gaeilge. In ionad Plean Tithíochta don Ghaeltacht a fhoilsiú mar dhoiciméad cuimsitheach neamhspleách, tá pleananna na Gaeltachta curtha isteach acu le pleananna do thithíocht tuaithe agus tá praiseach déanta acu de.
“Titeann cinnithe le tionchar ollmhór acu ar thodhchaí na Gaeltachta as a chéile go tapaigh nuair a chuirtear faoi scrúdú beag iad agus léiríonn siad nach bhfuil meas ar bith ar phobal na Gaeltachta.
“Tá ceann de na moltaí is díobhálaí bunaithe ar an Ráiteas Tionchair Teanga, áit a luaitear go soiléir go mbeidh céatadán na dtithe in eastát nua do chainteoirí Gaeilge bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais mar chéatadán den daonra atá 3 bliana d’aois nó níos sine i Limistéar Pleanála Teanga na Gaeltachta ina bhfuil an fhorbairt le bheith suite mar a shainmhínítear sa Daonáireamh ábhartha is déanaí, as seo amach. Chun úsáid na teanga a fheabhsú go laethúil, ní mór 10% os cionn an chéatadáin sin a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
“Chiallódh sé seo go héifeachtach, i gceantar cosúil le Gaeltacht Phort Láirge, go laghdófaí an leithdháileadh reatha tithe do chainteoirí Gaeilge in eastáit nua ó thart ar 80% go dtí díreach 37%. Dá gcuirfí seo i bhfeidhm, bheadh sé i bhfad níos deacra an Ghaeilge a choimeád mar theanga phobail.
“Tá sé dochreidte go mbeadh an Rialtas ag maíomh go bhfuil siad ar thaobh amháin ag iarraidh an Gaeilge a chosaint, agus ag an am céanna, ag moladh polasaí a laghdóidh líon na gcainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta nua.”
Beidh Sinn Féin ag lorg comhairliúcháin phoiblí anois agus ag éileamh go mbainfear na moltaí seo den dréachtpholasaí.
CRÍOCH
