Tá cáineadh géar déanta ag Urlabhraí Shinn Féin ar Ghnóthaí Tuaithe, Forbairt Pobail, agus An Ghaeltacht, Conor McGuinness TD, ar an dréachtpholasaí is déanaí maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe agus Ghaeltachta, tar éis dó teacht chun solais gur bhain na hAirí leas as sonraí daonáirimh 2016 seachas na sonraí is déanaí ó dhaonáireamh 2022 agus iad ag moladh córas nua do thithe i bhforbairtí il-aonad sa Ghaeltacht.
Dúirt an Teachta McGuinness:
“Tá sé dochreidte go bhfuil an Rialtas ag iarraidh ceangal díreach a dhéanamh idir líon na dtithe a chuirfear ar fáil do chainteoirí Gaeilge agus céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge, taobh amuigh den chóras oideachais, i Limistéir Phleanála Teanga, ach gur bhain siad féin úsáid as na sonraí míchearta chun an polasaí sin a cheapadh.”
“De réir an dréachtpholasaí, beidh céatadán na n-aonad atá le cur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais de réir an Daonáirimh is déanaí. Ach ní hé sin a rinne na hAirí. Bhain siad úsáid as figiúirí ó 2016 in ionad na bhfigiúirí is déanaí ó 2022. Ní féidir polasaí don todhchaí a thógáil ar staitisticí atá beagnach deich mbliana as dáta.”
Dúirt sé go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha leis an mbotún seo do phobail Ghaeltachta agus taispeánann sé an neamhaird atá déanta ag an Aire Browne agus Cummins, ar an méid atá ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta.
“Má tá sé mar aidhm ag an Rialtas úsáid na Gaeilge a chosaint agus a neartú, caithfidh siad tosnú leis na fíricí cearta.”
Thug McGuinness le fios freisin go n-admhaíonn an dréachtpholasaí féin gur cheart 10% breise a chur leis na céatadáin chun úsáid laethúil na Gaeilge a fheabhsú, ach nach bhfuil aon chiall leis sin pé scéal é agus laghdaíonn sé an fán gcéad in áiteanna mar Ghaeltacht na nDéise ó 80%, mar atá ann anois, go dtí 37%.”
“Má tá an Rialtas dáiríre faoin nGaeltacht, caithfidh siad an dréacht seo a leasú láithreach. Ní mór tuairimí phobail na Gaeltachta a léiriú sa dréachtpholasaí seo, rud atá déanta ag Sinn Féin le cúpla seachtainí le cruinnithe poiblí agus príobháideacha le muintir na Gaeltachta agus grúpaí Ghaeltachta”
Chríochnaigh sé:
“Tá todhchaí na Gaeltachta róthábhachtach le bheith bunaithe ar botún chomh bunúsach seo. Tá dualgas ar an Rialtas an dréachtpholasaí a cheartú sula gcuirfear aon leagan deiridh os comhair an phobail.”

