Chuir Conor McGuinness, Teachta Dála Shinn Féin do Phort Láirge, fáilte roimh dheimhniú ón Roinn Oideachais go bhfuil cead tugtha d’fhorbairt mhór ag Scoil Gharbháin i nDún Garbhán.
Beidh ceithre sheomra ranga nua, dhá sheomra do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus trí sheomra eile do thacaíocht teagaisc mar chuid den fhorbairt.
Dúirt an Teachta McGuinness:
“Is scéal an-dearfach é seo do Scoil Gharbháin agus don phobal i nDún Garbhán. Tá an scoil faoi bhrú le blianta fada mar gheall ar easpa spáis. Tá géarghá leis an bhforbairt seo.
“Tá mé ag obair ar son na scoile seo le blianta fada. D’oibrigh mé leis an scoil chun an talamh a fháil a bheidh ag teastáil don fhorbairt. Tá mé an-sásta go bhfuil dul chun cinn déanta againn anois agus tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sé seo don scoil agus don phobal.
“Ach caithfear a rá go bhfuil an próiseas seo tar éis ró-fhada a thógáil. Níor cheart go mbeadh ar scoil fanacht blianta fada chun an spás atá de dhíth uirthi a fháil. Is céim thábhachtach í an cead seo, ach níl ann ach an chéad chéim. Caithfear an obair a chur chun cinn anois gan a thuilleadh moille.
“Leanfaidh mé orm ag obair leis an Roinn Oideachais chun dul chun cinn tapa a chinntiú. Caithfidh an Roinn cumarsáid mhaith a dhéanamh leis an scoil agus caithfear aon mhoill eile a sheachaint.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bpríomhoide, Sinéad Uí Ruairc, leis an mBord Bainistíochta, leis na múinteoirí, leis an bhfoireann agus leis na tuismitheoirí. Tá siad ag obair go dian ar son na scoile le blianta fada. Bhí mé an-sásta oibriú leo agus le hionadaithe áitiúla eile chun an tionscadal seo a bhrú chun cinn.
“Tá ceangal pearsanta agam le Scoil Gharbháin mar gur fhreastail mé ar an scoil mé féin. Is scoil den scoth í a thugann oideachas iontach, leathan do pháistí agus a dhéanann obair thábhachtach ar son na Gaeilge i nDún Garbhán.
“Tá níos mó teaghlach ag roghnú oideachas trí Ghaeilge anois. Tá níos mó tuismitheoirí ag aithint na buntáistí a bhaineann leis. Caithfidh an Rialtas freagairt don éileamh seo agus pleanáil don todhchaí.
“Caithfear spás breise a chur ar fáil don Naíonra Gharbháin freisin. Tá ról tábhachtach aige sa phobal. Caithfimid níos mó deiseanna oideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil sna naíonraí, sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna ar fud chathair agus chontae Phort Láirge.
“Ba cheart dúinn tacú le fás an oideachais lán-Ghaeilge, ní bac a chur air mar gheall ar easpa spáis nó áiseanna.”
CRÍOCH

