Is mise Conor McGuinness, Teachta Dála de chuid Shinn Féin do Phort Láirge.

Tá mé páirteach i bpolaitíocht poblachtach ó bhí mé i mo dhéagóir. Is iad na prionsabail a mheall mé isteach sa pholaitíocht ar dtús – Éire aontaithe, ceannas náisiúnta, comhionannas, cothroime agus ceartas sóisialta – na prionsabail chéanna a threoraíonn mé fós.

Is as Dún Garbhán mé ó dhúchas, ach tá cónaí orm sa Rinn, i gcroílár Ghaeltacht na nDéise. Táim ag tógáil mo thriúr páistí le Gaelainn. Bhí an teanga lárnach i mo shaol i gcónaí, agus tá ard-mheas agam anois ar phobal, ar chultúr agus ar thraidisiúin na Gaeltachta.

Sular toghadh chuig Dáil Éireann mé, bhí mé i mo chomhairleoir ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Is mór an onóir dom ionadaíocht a dhéanamh do mhuintir Phort Láirge sa Dáil.

Is ceardchumannach mé agus seasaim go láidir le cearta oibrithe agus le comhionannas. Creidim gur cheart don pholaitíocht a bheith bunaithe sa phobal agus dírithe ar shaol daoine a fheabhsú. Is í an tithíocht an dúshlán is mó atá roimh mo ghlúin. Creidim gur cheart go mbeadh teach slán ag gach teaghlach. Táim tiomanta freisin do sheirbhísí poiblí níos fearr a chinntiú dár bpobail, do cheantair thuaithe a neartú, dár n-acmhainní nádúrtha agus mara a chosaint, agus don infheistíocht agus don bhonneagar atá tuillte ag Port Láirge a bhaint amach.

Mar urlabhraí Shinn Féin ar Ghnóthaí Tuaithe, ar Fhorbairt Pobail agus ar an nGaeltacht, agus mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste an Oireachtais um Iascach agus Gnóthaí Muirí, bím ag obair ar na ceisteanna is tábhachtaí do Phort Láirge. Cibé an obair náisiúnta atá ar bun agam nó cás áitiúil, bíonn an cur chuige céanna agam i gcónaí: éisteacht go cúramach, na fíricí a bheith agam, labhairt go soiléir agus obair chrua a dhéanamh.

Tá dóchas agam faoi thodhchaí Phort Láirge. Tá pobail uaillmhianacha againn, pobail láidre agus acmhainn iontach. Is é mo dhualgas guth láidir a thabhairt dár gcontae agus cabhrú le hÉirinn níos cothroime, níos sláine agus níos fearr a thógáil do chách.