Cuireann McGuinness fáilte roimh mhaoiniú Forais na Gaeilge le haghaidh Féile Bia Iarthar Phort Láirge

Chuir Conor D. McGuinness fáilte roimh mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge i gcomhair Féile Bia Iarthar Phort Láirge. Bronnadh an t-uasmhéid atá ar fáil faoi Scéim na bhFéilte, scéim a sholáthraíonn maoiniú d’ábhair agus imeachtaí Gaeilge i bhféilte. Ba é Féile Bia Iarthar Phort Láirge an t-aon iarratasóir ó Chontae Phort Láirge.

Dúirt McGuiness, atá ina chomhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge:

“Tá iarracht láidir agus comhsheasmhach déanta ag Féile Bia Bia Iarthar Phort Láirge maidir le úsáid agus cur chun cinn na Gaeilge agus aithníodh go forleathan é seo. Tá an Ghaeilge mar chuid thábhachtach d’oidhreacht Iarthar Phort Láirge. Ainmníodh Dún Garbhán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta le déanaí agus is é An Rinn agus An Sean Phobal an t-aon réigiún Gaeltachta sa tír lena bhfuil fás tagtha de réir an daonáirimh is deanaí.

“Molaim eagraithe na Féile Bia agus guím gach rath ar a gcuid oibre i mbliana.” a dúírt sé.

%d bloggers like this: