Tá imní léirithe ag an gComhairleoir Conor D. McGuinness mar gheall ar todhchaí Oifig an Phoist i nGaeltacht na nDéise. Tá an ionadaí poiblí de chuid Shinn Féin tar éis scríobh chuig na hAirí Cumarsáide agus Gaeltachta maraon le príomhfheidhmeannaigh an chomhlacht leathstáít ag iarraidh orthu cinntiu go bheidh oifig an phoist ar fáil do mhuintir Ghaeltacht na Déise amach anseo.
Dúirt McGuinness:
“Beidh Oifig Poist na Rinne ag dúnadh go luath i mbliana agus an máistir poist áitiúil ag dul ar scor. Tá an pobal ar fad ana-bhuíoch di as a cuid seirbhís thar na blianta agus guímíd gach rath uirthi.
“Faraor níl An Post toilteanach conradh atá réalaíoch nó indéanta i dtaobh costaisí, gan trácht ar bheith tarraingteach ó thaobh na tráchtala de.
“Is moil tabhachtacha iad oifigí phoist le haghaidh ana-chuid seirbhísí, i gceantracha tuaithe ach go háirithe. Tá tabhacht ar leith ag baint leis na seirbhísí seo a bheith ar fáil sa Ghaeltacht agus trí mheán na Gaelainne.
“Ritear oifigí poist ar bhonn tráchtála ar fud fad na tíre – ní féidir bheith as súil le héinne caillteannas a dhéanamh ar an seirbhís a chur ar fáil. Seafóid a bheadh i gceist, ach sin go díreach a thá á ofráil ag an Rialtas agus An Post.
“Caithfidh An Post conradh atá réalaíoch agus inbhuanaithe a thairiscint má thá siad dáiríre mar gheall ar an seirbhís seo a choimead ar fáil do mhuintir Ghaeltacht na nDéise.
“Táim tar éis scríobh chuig an Aire Cumarsáide Eamon Ryan agus An Post ag iarraidh orthu an fhadhb seo a réiteach. Anuas ar seo táim tar éis an ceist a ardú leis an Aire Catherine Martin. Tá rochtain ar seirbhisí poiblí trí mhéan na Gaelainna luaite mar chuspóir i bPlean Teanga Ghaeltacht na Déise atá faomhaithe agus maoinithe ag an Roinn Gaeltachta. Mar an aire sinsearach sa Roinn sin caithfidh an tAire Martin ról a imirt.
“Ní cheart go mbeadh ár bpobal Gaeltachta fágtha gan seirbhisí poiblí de dheasca polasaithe chomhlacht leathstáit. Ní feidir leis an rialtas neamhaird a dhéanamh ar an gceist seo. Tá beart de réir briathar de dhíth. ”
