Agallamh: Dushláin móra i dtaobh tithíochta agus seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht

Labhraíomar leis an gComhairleoir Conor D. McGuinness (Sinn Féin) inniu mar gheall ar a thosaíochtaí don Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Tá téarma amháin déanta ag McGuinness agus aitheantas bainte amach aige mar ionadaí gnóthach, gníomhach agus Gaelach. Beidh sé ag seasamh arís sna toghcháin áitiúla ar 7 Meitheamh. 

Cén cúlra atá agat ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de?

Tá cónaí orm i nGaeltacht na nDéise ach is as Dún Garbhán dom ó dhúchas .D’fhreastal mé ar Scoil Gharbháin – áit a raibh Gaelainn agus grá dár gcultúr Gaelach fite fuaite san oideachas a bhfuaireamar. 

Tá mo bhean agus mé féin inár gconaí sa Rinn le blianta anuas. Tá ár gclann óg á tógaint againn le Gaelainn. D’oibrigh mé mar Oifigeach Pleanála Teanga sna Déise agus chaith mé seal mar leaschathaoirleach ar bhord Fhoras na Gaeilge. D’oibrigh mé san earnál léiriú teilifíse Gaeilge i ndiaidh dom mo thraenáil a dhéanamh sa Rinn le Nemeton. Is cuid mór do mo shaol í an Ghaelainn agus déanaimse mo chuid oibre mar ionadaí poiblí go dátheangach.

Cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach don Ghaeilge i nGaeltacht na nDéise?

Tá an Gaelainn ag dul ó neart go neart sna Déise, le fás tagtha ar líon na gcainteoirí leathúla thar thréibhse dhá dhaonáirimh, agus tá Dún Garbhán anois aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltacha lena phlean teanga féin i bhfeidhm. Mar iar-phleanálaí teanga agus mar thuismitheor, is iontach an méid Gaelainne a bhfuil le cloisint timpeall na háite in Iarthar Port Lairge. Is léir go bhfuil dul chun cinn á dheanamh ag an bpobal, in ainneoin na constaicí curtha inár mbealach. 

Tá dushláin móra ann i dtaobh tithíochta agus seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht. Is féidir an rud céanna a rá mar gheall ar cheantar ar bith sa stát, ach is léir go bhfuil an géarchéim tithíochta ag cur todhchaí na Gaeltachta – mar phobal teanga ar leith – i mbaol. Tá clanna óga le Gaelainn ón Rinn agus An Sean Phobal gur maith leo maireachtaint sa Ghaeltacht ach nach féidir leo teach a cheannach nó a thógaint sa cheantar. Ba mhaith liom tithe inacmhainne agus sóisialta a bheith forbartha sa cheantair gan tuilleadh moille. Maraon le seo tá suíomhanna inacmhainne de dhíth sa cheantar; agus ba mhaith liom réiteach a fháilt i dtaobh Oifig Poist na Rinne – is maslach é nach raibh an rialtas toilteanach an t-aon seirbhís póiblí fós ar fáil sa Ghaeltacht a chosaint. 

Cad iad na ceisteanna is mó a bhfuil tú ag díriú orthu san fheachtas toghchánaíochta seo? 

Tithíocht, seirbhísí poiblí agus taistil, rochtain ar chúram sláinte, agus infreastruchtúr. Tá géarghá le tithe inachmhainne agus sóisialta do mhuintir na háite. Tá clanna óga ón Rinn agus ón Sean Phobal go bhfuil ag iarraidh conaí sa Ghaeltacht ach nach bhfuil ábalta teach a fháilt sa cheantair – rud a chuireann todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Tá an pobal ag déanamh a chuid, ach is cósúil nach dtuigeann an Rialtas nó Údáras na Gaeltachta an phrainn a bhaineann leis an gceist seo. Anuas ar sin tá athrú dearcaidh de dhíth ón Rialtas i dtaobh cead pleanála do dhaoine áitiúla sa Ghaeltacht ionas gur feidir le daoine ón gceantair tithe, agus clanna, a thógaint ina bpobal féinigh. 

Tá ganntanas mór i nGaeltacht na nDéise i dtaobh seirbhísí poiblí. Dúnadh Oifig Poist na Rinne le déanaí. Ní raibh An Post nó an Rialtas toilteanach conradh réalaíoch nó inbhuanaithe a ofráil chun máistir poist nua a mhealladh. Ba í Oifig Poist na Rinne an seirbhís stáit deireanach a bhí fós ar fáil i nGaeltacht na nDéise, agus tá dualgas anois ar an Rialtas an ganntanas seo a réiteach. 

Tá tithíocht agus seirbhísí poiblí luaite go sonrach mar mhórchuspóirí inár bplean teanga agus is náireach nach bhfuil aird nó iarracht feicthe againn ón Rialtas nó ós na húdaráis cuí. 

I taobh Local Link 361 is léir nach bhfuil an seribhís reatha ag abair do mhórmhór an phobail. Táim ag obair le bainistíocht Local Link go háitiúil chun maoinú a fháilt chun an sean seirbhís a thabhairt thar nais chun freastal ar an éileamh áitiúil sa Sean Phobal agus sa Rinn. Faraor is fearr leis an Aire Iompair busanna folamha a choimead ar an mbóthar ná géilleadh agus éisteacht le tuairimí phaisnéirí áitiúla.  

Tá tabhacht ar leith ag baint lenár n-earnálacha talamhaíochta agus iascaireachta – i taobh na heacnamaíochta agus ár dtimpeallacht de. Is cúis náire é nach bhfuil an Rialtas toilteanach dreidireacht a mhaoiniú do Ché Heilbhic agus fuílleach mór airgid acu sa chiste. Is comhartha soiléir an easpa tola seo don neamhaird agus dímheas atá ag na páirtithe rialtais d’éarnál iascaireachta na tíre. Leanfaidh mé orm ag troid ach is cosúil go bhfuil athrú rialtais de dhíth chun réiteach a fháilt ar an bhfadhb seo.      

I mbeagán focal, cén t-athrú ar mian leat a fheiceáil in Éirinn as seo go ceann cúig bliana eile? 

I mbeagán focal? Déanfaidh mé iarracht! Trí rud – ba mhaith liom go mbeidh deireadh curtha leis an ngéarchéim tithíochta ar fud an stáit; go mbeidh dul chun cinn déanta ar an bpróiséis ár dtír a hathaontú; agus go mbeidh feabhas suntasach tagtha ar na deacrachtaí sa seirbhís sláinte ionas go mbeidh rochtain níos fearr agus níos tapúla ann do dhaoine.