Bhí cruinniú ana-fhiúntach agus dearfach ag an gComhairleoir Conor D. McGuinness agus an Teachta Dála David Cullinane le Bróna Coleman atá ina hoifigeach pleanála teanga le Dún Garbhán le Gaeilge. Léirigh na hionadaithe tofa de chuid Shinn Féin a dtacaíocht agus a mbuíochas as an méid atá á dhéanamh go háitiúil I dtaobh na Gaeiilge a chur chun cinn.
Dúirt McGuinness:
“Tá éacht á dhéanamh ag Bróna agus an coiste agus ár dteanga agus oidhreachta náisiúnta a chur chun cinn le fuinneamh agus beocht. Lena hiarrachtaí tá siad ag tacú le hathbheochan na Gaeilge i gcroílár an phobail, agus stádas Dhún Garbhán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a dhaingniú.
“Mar Ghael, mar chomhalta Fhoras na Gaeilge, agus mar ionadaí tofa leanfaidh mé orm ag tacú leis an dea-obair atá ar bun ag Dún Garbhán le Gaeilge agus ag an earnáil na Gaeilge go háitiúil agus go náisiúnta.”


