Éiligh rialtas nua a dhéanfaidh beart de réir briathar i leith na nGaeilge.
Éiligh guth, láidir Gaeltachta do Phort Láirge!
Tá Gaeltacht na nDéise fágtha in áit na leathphingine i dtaobh infheistíocht, infreastruchtúr agus seirbhísí poiblí de. Tá géarghá le tithíocht do chlanna áitiúla, maraon le breis infheistíocht i bpostanna agus seirbhisí stáit. Tá guth láidir agus guth Gaeltachta de dhíth ag ár bpobal. Vótáil Sinn Féin.
Soláthar tithíocht inacmhainne, príobháideach agus sóisialta i nGaeltacht na nDéise agus ar fud Co. Phort Láirge.
Seirbhisí poiblí a chosaint agus a mhéadú, go háirithe inár gceantracha tuaithe
Infheistiú caipitiúil i Linn Snámha Poiblí, agus in áiseanna pobail, lúthchleasaíochta, agus spóirt.
Infheistíocht inár mbóithre agus seirbhísí uisce
Gníomh ón IDA agus Údáras na Gaeltachta chun tacú le fiontraíocht agus fostaíocht sa cheantar.
Tacaíocht dár bplean teanga agus d’fhorbairt pobail áitiúil.
Tá beartas cuimistheach fógartha ag Sinn Féin i dtaobh na Gaeilge agus ár gceantracha Gaeltachta. Is féidir é a léamh anseo.
