Fear Gaeltachta ceaptha mar urlabhraí Sinn Féin ar Ghnóthaí Tuaithe, Forbairt Pobail agus An Ghaeltacht

Tá an Teachta Dála Conor D. McGuinness ceaptha mar urlabhraí Sinn Féin ar Ghnóthaí Tuaithe, Forbairt Pobail, agus An Ghaeltacht ag Uachtarán an pháirtí Mary Lou McDonald. Is fear Gaeltachta é McGuinness, atá at tógaint clainne le Gaelainn sa Rinn i nGaeltacht na nDéise. D’fhógair Sinn Féin foireann urlabhraithe shóisearacha an tseachtain seo, a bheidh ag obair taobh le foireann bhinse tosaigh an pháirtí.

Dúirt an Teachta McGuinness:


“Is onóir dom é a bheith ceaptha sa phost tábhachtach seo laistigh d’fhoireann Sinn Féin. Is é an dualgas atá orm ná an freagracht a chur ar an Rialtas nuair atá polasaithe á bhforbairt acu, feabhas a chur ar ghnáthshaol an duine agus torthaí a bhaint amach, fud fad na tíre.”

“Mar Ghael, agus mar dhuine atá ag tógaint clainne sa Ghaeltacht, is pribhléid dom  é seasamh le muintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge mar urlabhraí Sinn Féin. Beidh mé ag obair go dlúth le Aengus Ó Snódaigh TD chun cearta teangan a chur chun cinn, chun scéimeanna pobail a chosaint, agus chun réiteach a fháil ar an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.”

“Tá caomhnú ár dteanga dhúchais rí-thábhachtach do Sinn Féin. Tá na ceantracha Ghaeltachta lárnach in athbheochan na Gaeilge ach is ag easpórtáil daoine óga atá na ceantracha seo anois agus an chéad ghlúin eile de Ghaeil imithe ar imirce de bharr polasaithe tithíochta tubaisteacha an rialtais seo.”

“Tá bagairt ann don Ghaeltacht mar gheall ar an bpolasaí tithíochta reatha agus tá orainn uilig an rialtas seo a choimeád faoi bhrú millteach. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis na Gaeil, muintir na Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta chun réiteach a fháil ar an ngéarchéim agus tithe a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chomh luath agus gur féidir.”

“Mar iar-chomhalta boird ar Fhoras na Gaeilge feictear dom an tábhacht a bhaineann le maoiniú a bheith ar fáil don bpobal agus do heagraisí Gaeilge. Tá imní orm mar gheall ar an ngéarchéim maoinithe reatha atá ag cur scéimeanna pobail i mbaol. Beidh mé ag obair leis an earnáil chun réiteach a fháil.”

CRÍOCH