Dúirt urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin Conor D. McGuinness TD go bhfuil an Creat Pleanála Náisiúnta ina theip iomlán maidir le cearta phobail Ghaeltachta, cothromaíocht réigiúnach, forbairt tuaithe agus earnáil na n-iascach a chosaint. Labhair sé inniu sa Dáil le linn díospóireachta ar an gCreat nua, agus rinne sé cur síos géar ar na heasnaimh atá ann.
“Tá pobal na Gaeltachta fágtha ar lár arís agus arís eile,” a dúirt an Teachta McGuinness.
“Is soiléir nach bhfuil an Rialtas sásta an Ghaeilge a chosaint i mbeart – níl anseo ach ráitis áille agus gealltanais bhriste.”
Cháin sé go géar an moill leanúnach ar fhoilsiú na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht, agus thug sé rabhadh go bhfuil pobal beo na Gaeilge i mbaol má leanann an neamhaird seo.
“Tá teaghlaigh óga ag fanacht, ag éirí mífhoighneach, agus ag imeacht. Tá gá práinneach le gníomh: spriocanna soiléire don tithíocht shóisialta agus inacmhainne sna Gaeltachtaí, maoiniú dírithe, agus polasaithe atá bunaithe ar thosaíochtaí teanga – ar mhaithe le pobal atá sásta cónaí trí Ghaeilge.”
Dúirt an Teachta Mac Aonghusa nach bhfuil sé ag éileamh eisiamh, ach cosaint dár bpobail bheo: “Caithfear tacaíocht a chur le húsáid na Gaeilge i seirbhísí poiblí, i gcomharthaíocht, i gcúrsaí fostaíochta agus i bhforbairt áitiúil. Mura ndéantar sin, ní bheidh Gaeltacht beo fágtha le cosaint ag aon duine.”
Leag sé béim freisin ar theip an phlean ar leibhéil níos leithne:
“Tá titim amach leanúnach ar earnáil na n-iascach, tá infheistíocht poiblí sna ceantair thuaithe fós ar gcúl, agus níl aon fhís intomhaiste sa phlean seo maidir le forbairt réigiúnach chothrom. Ní féidir glacadh le Creat Pleanála Náisiúnta a fhágann ceantair iomlána gan tacaíocht, gan acmhainní agus gan an tuiscint bhunúsach go bhfuil todhchaí tuaithe, pobail teanga agus réigiúin lasmuigh den phríomhchathair chomh tábhachtach céanna.”
Chríochnaigh sé leis an éileamh láidir go mbeadh an creat ina uirlis fíor don phobal, seachas cáipéis eile le gealltanais folmha:
“Caithfidh pleanáil náisiúnta bheith bunaithe ar cheartas, ar fhorbairt chothrom agus ar phobail a choinneáil beo – idir thuath, cathair, Gaeltacht agus ceantair chósta.”
CRÍOCH
