Easpa práinne, maoinithe agus cinnteachta i bhfreagra an Aire ar phleanáil teanga – Conor D. McGuinness

Tá easpa práinne, maoinithe agus cinnteachta ag teacht ón Aire Gaeltachta maidir le cúrsaí pleanála teanga de réir an Teachta Dála Conor D. McGuinness.

Dúirt urlabhraí Ghaeltachta Shinn Féin gur soiléir é seo ón méid a bhí le rá ó cheisteanna pharlaiminte a chur McGuinness faoi phleanáil teanga agus cúrsaí Gaeltachta.

Dúirt McGuinness:

“Níl aon dul as – tá dul chun cinn na pleanála teanga ag brath ar mhaoiniú, tacaíocht straitéiseach agus gníomh leanúnach. Ní fheictear rud ar bith faoi sin i bhfreagra an Aire. Tá an t-am ag dul thart, tá pleananna teanga ag dul i léig, agus níl an Rialtas ag freagairt don dúshlán.

“Níor luaigh an tAire spriocdhátaí ar bith maidir le cur i bhfeidhm ná tacú le pleananna teanga. Ní fios cén tacaíocht a bheidh ar fail ná cathain a thiocfaidh an tacaíocht.”

Thug an Teachta McGuinness le fios go raibh amhras anois faoin dtacaíocht ón Rialtas.

“Caithfidh maoiniú a bheith soiléir agus inbhuanaithe. Ní leor tuairimíocht nó gealltanais.

“Léiríonn an freagra neamhshuim agus neamhphráinn, fiú agus dúshlán an chaomhnaithe teanga ag éirí níos deacaire in áiteanna gach bliain. Níor tugadh le fios go raibh aon chomhairliúchán déanta leis na hoifigigh pleanála teanga, le coistí pobail ná le lucht pleanála sa Ghaeltacht.”

Cháin an Teachta McGuinness an easpa straitéise le feiceáil sa fhreagra:

“Níl aon spriocanna tomhaiste, ná aon mhodh measúnaithe. Ní féidir forbairt ná tacaíocht a chur ar fáil muna mbíonn creat soiléir ann.

“Níor tugadh aon aitheantas dos na difríochtaí réigiúnacha ná dos na dúshláin faoi leith atá ag ceantair éagsúla, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta atá i mbaol.

Luaigh an Teachta freisin nach bhfuil aon nuálaíocht á moladh ag an Rialtas:

Tá an Ghaeilge beo, agus ag fás in áiteanna. Caithfidh an Rialtas a bheith oscailte do theicneolaíochtaí nua, cur chuige nuálach, agus modhanna eile chun tacú le pobail atá ag obair go dian.

Mar fhocal scoir, dúirt an Teachta:

Is deis chaillte í seo don Aire seasamh mar cheannaire ar cheist ríthábhachtach. Táimid ag éileamh anois go mbeadh comhairle tugtha dos na hoifigigh phleanála agus na grúpaí áitiúla. Tá maoiniú agus gníomhaíocht uainn a thabharfaidh cinnteacht do phobail na Gaeilge.”