Ní luaitear an Ghaeltacht fiú uair amháin in athbhreithniú an Rialtais ar an bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN) nó an NDP i mBéarla — easnamh suntasach a léiríonn an fhaillí leanúnach atá á déanamh ar phobail na Gaeilge i bpleanáil chaipitil náisiúnta.
Ag labhairt ar an ábhar, dúirt urlabhraí Shinn Féin ar Chúrsaí Tuaithe, Forbairt Pobail agus an Ghaeltacht, Conor D. McGuinness TD:
“Tá 46 leathanach sa doiciméad seo agus leagann sé amach na billiúin i gcaiteachas caipitil an Rialtais. Ach tá cuid mhór den mhaoiniú sin geallta cheana féin, agus léiríonn cuid eile breis airgead atá anois le n-íoc ar thionscnaimh. Ní plean é seo atá tiománta le smaointí nua — is freagra sealadach é ar bhoilsciú agus ar mhoilleanna.”
“Ní fheictear an focal Gaeltacht fiú uair amháin. Níl aon tagairt ann do thithíocht Ghaeltachta, níl aon phleananna caipitil ann chun tacú le pleanáil teanga, agus níl aon trácht ar Údarás na Gaeltacht. Is léir nach bhfuil an Ghaeltacht mar ábhar nó áit, i súile an Rialtais.”
“Tá ainm mícheart tugtha ar an Roinn féin ar fud na tuarascála fiú – tugtar ‘An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail’ uirthi arís agus arís eile, gan trácht ar a freagracht reachtúil as an nGaeltacht. Is neamhaird soiléir atá ansin. Léiríonn sé cultúr níos leithne atá ag an Rialtas, gan tosaíocht a thabhairt don Gaeilge ná do mhuintir na Gaeltachta.”
“Tá géarchéim tithíochta thromchúiseach ag fás inár bpobail Ghaeltachta. Tá teaghlaigh óga á bpraghsáil amach. Tá pobail faoi bhrú ollmhór. Ach níl aon phlean curtha chun cinn ag an Rialtas chun infheistíocht chaipitil spriocdhírithe a chur ar fáil chun tacú le ceantair ina labhraítear an Ghaeilge, chun an teanga a chothabháil, ná chun bonneagar bunúsach a sholáthar.”
Chríochnaigh McGuinness:
“Tá an t-athbhreithniú seo tanaí ar shonraí, agus is iad na sonraí sin atá de dhíth chun an plean a thiomáint. Faoi láthair, níl aon sonraí. Ní féidir le Plean Forbartha Náisiúnta, nach féidir leis fiú an Ghaeltacht a ainmniú, tacaíocht a thabhairt di.”
CRÍOCH
