Meath na Gaeilge i nGaeltachtaí Beaga le Feiscint go Soiléir i bhFigiúirí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge is Déanaí

Tá urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Conor McGuinness TD, ag cáineadh laghdú suntasach i maoiniú Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do ceantracha Gaeltacha beaga i gContae Phort Láirge, an Mhí, agus Corcaigh, de réir figiúirí a rising an Roinn i bhfreagra ar a cheist Pharlaiminte.

Ós na príomhfhigiúirí, feictear go soiléir an laghdú ar fhoghlaimeoirí Gaeilge atá tagtha go cheantrach Gaeltachta na Mí agus Corcaigh de bharr go bhfuil ganntanas choláistí Gaeilge. Cé go bhfuil méadú faighte ag Gaeltachtaí móra mar Chonamara, Ciarraí agus Dún na nGall, níl ach pinginí le fáil ag Gaeltachtaí beaga anois agus laghdú ollmhór taghtha ar an infheistíocht i Múscraí agus Gaeltacht na Mí.

De réir McGuinness: “Tá gá anois cothromaíocht a fháil do cheantracha Gaeltacha beaga. Is léir go bhfuil roinnt acu ag streachailt le héifeachtúlacht toisc easpa infheistíochta. Tá tacaíochtaí breise de dhíth agus iarraim ar an Aire déileáil leis an míchothromaíocht atá ag tarlú, agus an fhadhb a réiteach.

“Tá an Ghaeilge á cur chun cinn go héagothrom ag an Rialtas agus tá gá le plean speisialta chun pobail cosúil le Ráth Chairn, na Déise, agus Múscraí a chosaint agus coláistí Gaeilge a láidriú sna ceantracha.”