Caitear le daoine sa Ghaeltacht mar shaoránaigh den dara grád i dtaobh na póilíneachta – McGuinness

Caitear le daoine sa Ghaeltacht mar shaoránaigh den dara grád i dtaobh na póilíneachta de réir Conor D. McGuinness, ionadaí áitiúil de chuid Shinn Féin. De réir príomhoifigigh na nGardaí sa cheantar níl Garda curtha ar fáil i nGaeltacht na nDéise ar feadh roinnt blianta mar nach bhfuil aon Gharda atá inniúil sa Ghaeilge san rannán.

Dúirt Conor D. McGuinness, “Is cúis imní domsa an méid a dúirt an Príomh-Cheannfort Padraig Dunne ag cruinniú an Chomhchoiste Póilíneachta. Dúirt sé leis an gcruinniú nach bhfuil aon oifigeach lonnaithe sa Rinn faoi láthair mar nach bhfuil aon duine sa rannán seo atá líofa sa Ghaeilge. Dúirt sé freisinConor McG cé go mbíonn Gardaí ó Dhún Garbhán sa Ghaeltacht ó am go chéile, nach gciallaíonn sin go bhfuil Gaeilge ag na baill sin.”

Tá dualgas dlíthiúil faoi Acht an Gharda Síochána 2005 ar an bhfórsa Gardaí le Gaeilge a chuir ar fáil sa Ghaeltacht. De réir a gcuid polasaithe féin atá leagtha amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ní mór dosna Gardaí seirbhís chuimsitheach a sholáthar trí Ghaeilge, ní hamháin i gceantair Ghaeltachta ach freisin i stáisiúin ar leibhéal an rannáin ar nós Dún Garbhán, atá ainmnithe le déanaí mar Bhaile Seirbhíse don Ghaeltacht.

Dúirt McGuinness, a shuíonn ar bhord Fhoras na Gaeilge, “Is í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus an chéad teanga oifigiúil den stát. Is í an teanga pobail sa Rinn agus sa Sean Phobal, agus tá a húsáid ag fás insan Ghaeltacht agus mórthimpeall Iarthar Phort Láirge ar fad. Ní caitheamh aimsire í, ach teanga fíor-bheo a úsáideann daoine go laethúil. Cuireann sé isteach go mór orm go ndiúltófar rochtain do chainteoirí Gaeilge ar sheirbhísí póilíneachta ina dteanga féin sa lá atá inniu ann.

“Tá imní orm freisin go gceapann bainistíocht an Gharda Síochána go bhfuil sé inghlactha Garda áitiúil a dhiúltú agus an Ghaeilge a úsáid mar leithscéal. Cén teachtaireacht atá á sheoladh chuig daoine áitiúla, agus le coirpigh? Ar an dea-uair tá córas gníomhach ‘Pobal ar Aire’ i bhfeidhm sa Rinn agus sa Sean Phobal, ach níor chóir go ndiúltófar seirbhís don cheantair atá curtha ar fáil in áiteanna eile sa chontae. Ní saoránaigh den dara grád sinne atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus níor cheart go gcaitear linn mar sin,” a dúirt sé.

%d bloggers like this: