Céilí Mór chun Oíche Shamhna a cheiliúradh

Curifidh Dungarvan School of Trad, i bpáirt le Dún Garbhán le Gaeilge, Ceilí mór pobail ar siúl chun Oíche Shamhna agus Bliain na Gaeilge a cheiliúradh.

Beidh an céilí ar siúl in Óstán Lawlors Dé hAoine an 26 Deireadh Fómhair ag 7:30 agus tá fáilte mór roimh gach aoisghrúpa agus gach cumas damhsa.

Dúirt Helena Burke ón Dungarvan School of Trad, “Táim ag súil leis an gcéilí mór pobail seo do Oíche Shamhna. Gléas suas agus bain triail as do chuid Gaeilge. Am íontach a bheidh I gceist chun ár rincí traidisiúnta a chleachtadh agus beocht a thabhairt dár dteanga dhúchais ar an oíche. Oirúnach le haghaidh teaghlaigh ar gach aois agus daoine fásta

Dúirt OCP le Dhún Garbhán le Gaeilge, Conor McGuinness, “”Tá áthas orm sonraí faoin imeacht seo a fhógairt. Beidh an céilí oscailte do gach duine agus is ceiliúradh iontach é dár dteanga, dár gcultúr agus dár mothú spraoi. Tugtar spreagadh do gach duine, idir óg agus aosta, gléasadh suas, páirt a ghlacadh inár damhsa traidisiúnta, agus úsáid a bhaint as a gcuid cúpla focal.”

“Tá 2018 ainmnithe mar Bhliain na Gaeilge agus ar fud na tíre tá daoine ag dul i dteagmháil arís lena dteanga dhúchais agus ag baint úsáid as an nGaeilge atá acu le bród agus dearfacht. Tabharfaidh an teacht le céile seo deis dúinn ár gcultúr agus ár teanga a cheiliúradh i dtimpeallacht spraíúil agus cairdiúil, agus tá fáilte roimh gach éinne bheith linn. ”

Beidh an céilí mar chuid de sceideal oifigiúil imeachtaí 2018 Bliain na Gaeilge agus cuirtear ar siúl é le tacaíocht ó chiste Ciste125 atá á maoirseacht ag Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge.

Céilí Mór to celebrate Halloween

Dungarvan School of Trad, in conjunction with Dún Garbhán le Gaeilge, will host a special community Ceilí to mark Halloween and celebrate Bliain na Gaeilge.

The Céilí will take place in Lawlors Hotel on Friday 26th October at 7:30pm and is open to all ages and dancing abilities.

Helena Burke of Dungarvan School of Trad said, “I am looking forward to his big community céilí for Halloween. Dress up and try out your Irish. It will be a great time to practice our traditional dances and to give life to our native language on the night. Suitable for families of all ages and adults.”

PRO of Dún Garbhán le Gaeilge Conor McGuinness said, “I am delighted to announce details of this event which is open to all and is set to be a great celebration of our language, culture and sense of fun. Everyone, from young to old, is encouraged to dress up, participate in our traditional dancing, and use their cúpla focal.”

“2018 has been named as Bliain na Gaeilge and across the country people are reconnecting with their native language and using the Irish they have with pride. This gathering will provide a fun and friendly environment for all to celebrate our culture and language.”

The event will feature in the official 2018 Bliain na Gaeilge schedule of events and is being supported by the Ciste125 fund which is being overseen by Foras na Gaeilge and Conradh na Gaeilge.

%d bloggers like this: