
Dúirt McGuinness:
“Táim tiomanta seasamh le muintir na Gaeltachta agus troid ar son chearta teangan do lucht labhartha na Gaelainne laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Dá dtoghfaí mé ar an gComhairle déanfaidh mé mo dhícheal an Ghaelainn a chur chun cinn agus tacú le forbairt pobail agus forbairt teanga sa Rinn agus sa tSean Phobal.
Infheistíocht agus forbairt eacnamaíochta
“Táim ag moladh breis infheistíocht in infreastruchtúr na Gaeltachta. Tá gá le ionad cúram leanaí, áiseanna do dhéagóirí, lár-ionad oidhreachta agus cultúrtha, agus ionad sóisialta sa tSean Phobal. Bheinn ag tacú chomh maith le infheistíocht chun acmhainneacht na mara a réadú faoi scéimeanna FLAG agus LEADER, agus maoiniú chun forbairt agus dreidireacht a dhéanamh i Heilbhic agus Baile na nGall
“Tá gá le níos mó tacaíochtaí forbartha fiontraíochta speisialta a chur ar fáil i dtaobh tionscail cruthaitheachta agus turasóireacht cultúrtha sa cheantar, agus tá sé mar sprioc agam Gaeltacht na nDéise a bheith ainmnithe mar Ionad Barr Fheabhais i dtaobh léiriú teilifíse.
Tithíocht
“Ta dualgas orainn dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta i nGaeltacht na nDéise ionas gur féidir le daoine óga ón gceantar marachtaint sa Rinn agus sa tSean Phobal. Tabharfaidh mé tacaíocht de bhreis tithíocht shóisialta a thógáil sa cheantar agus tacóidh me le iarrachtaí an phobail comharthithíocht a thógáil. Ba chóir talamh i seilbh gníomhaireacht stáit a chuir ar fáil le haghaidh tithíocht.
An Ghaelainn
“Ba cheart foireann forbartha Gaeilge a bhunú sa Chomhairle faoi stiúir an Oifigeach Gaeilge chun tacú lena cuid oibre, agus táim ag lorg coinníollacha teangan a leagan síos i dtaobh iarratas ar mhaoiniú oidhreachta, ealaíne agus d’fhéilte.
Oideachas
“Déanfaidh mé comhoibriú leis an mBord Oideachais agus Oiliúna chun oideachas tríú leibhéal sa Ghaeltacht a fhorbairt maraon le tionscadail áitiúil chun leanúnachas san oideachas Gaelach a éascú.
“Táim ag lorg maoiniú méadaithe don aosoideachas trí mheán na Gaelainne, agus dualgas de réir polasaí go mbeadh ar an mBord Oideachais agus Oiliúna cuid dá gcúrsaí a chuir ar fáil sa Ghaeltacht agus trí mheán na Gaelainne.
Ionadaíocht
“Déanfaidh mé mo dhualgaisí mar chomhairleoir a – chomhlíonadh i nGaeilge agus i mBéarla, agus leanfaidh mé orm ag stocaireacht i gcóir ionadaí buan ar bhord Údaras na Gaeltachta i gcóir Ghaeltacht na nDéise maraon le ionadaí Gaeltachta ar an gCoiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC).
“Táim lán-tiomanta seasamh ar son Ghaeltacht na nDéise. Roghnaigh guth láidir, guth Gaelach agus guth nua don Rinn agus don Sean Phobal. Ar an 24ú Bealtaine roghnaigh McGuinness uimhir a haon.”
Is féidir an forógra iomlán a léamh anseo Forógra Gaeltachta