Fáilte curtha ag McGuinness roimh €200,000 chun tonnchosc a dheisiú i Heilbhic

eoceanic_harbour_area

Chuir an Comhairleoir Conor D. McGuinness fáilte roimh fógra ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go gcuirfidh siad €150,000 ar fáil i dtaobh oibreacha ar Ché Heilbhic. Cuirfidh Comhaire Phort Láirge €50,000 leis an méid seo.

Dúirt McGuinness:

“Cuirim fáilte roimh €150,000 euró ata fogartha inniu ag an Roinn Talmhaíochta i gcóir Cé Heilbhic chun an tonnchosc a dheisiú.

“Tá drochbhail ar cuid den gcé faoi láthair agus tá seo ag cur isteach ar iascairí aitiúla. D’ardaigh mé an ceist seo le tamaill anuas agus cuireadh an obair amach ar tairiscint le déanaí – tá athás orm go bhfuil airgead curtha ar fáil anois chun é a chur i gcrích.

“Táim ag súil go mbeidh conradh sínithe i gceann cúpla seachtaine agus go mbeidh tús curtha ar an obair thar an samhraidh. Tá costas iomlán €200,000 i gceist leis an obair agus tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag chuir 25% nó €50,000 i dtreo an tionscadail.

“Tá roinnt mhaith oibre fós le dhéanamh chun an ché a bheith i gceart, agus caithfidh dredireacht bheith mar thosaíocht. Tá iascairí na háite i dteideal áit sabháilte agus inrochtana chun a gcuid oibre a bhaint amach.

“Tá iarratas i gcóir maoiniú curtha isteach le déanaí i dtaobh dreidireachta de agus Leanfaidh mé orm ag lorg maoiniú chun e a bhaint amach.”

%d bloggers like this: