McGuinness: Córas Séarachais Nua ar na bioráin don Rinn

Chuir an comhairleoir de chuid Shinn Féin Conor D. McGuinness fáilte roimh roimh dhearbhú ó Uisce Éireann go bhfuil pleananna do chóras séarachais nua don Rinn i anois sa chéim dhearaidh.

Siad McGuinness:

“Tá géarghá leis an gcóras séarachais sa Rinn a uasghrádú agus táim tar éis stocaireacht a dhéanamh ar a son le blianta beaga anuas. Níl an córas atá ann faoi láthair oiriúnach don fheidhm atá leis, nó don éileamh atá air.

Tá sé neamhéifeachtach agus tarlaíonn teipeanna rialta go leor. Cuireann sé moill, nó bac iomlán ar iarratais pleanála sa cheantair, agus cruthaíonn sé fadhbanna rialta do theaghlaigh lo blocála agus bolaithe. 

“Tá an córas atá ann as-dáta agus lag fo leor. Tá drochthiochar aige ar an gcomhshaol – ar chaighdeán an uisce agus ar an timpeallacht mhuirí ach go háirithe.

“Tá áthas orm gur aontaigh Uisce na hÉireann liom maidir leis an ngéarghá atá sa Rinn, agus leis an bhforbairt mhór seo a chuir i gcrích. Tá súil agam go dtabharfaidh an córas nua aghaidh ar na fadhbanna go léir atá ann anois, agus go mbeidh an cumas agus an toilleadh ann chun freastal ar an gceantair amach anseo. 

“Dheimhnigh Uisce na hÉireann dom gur gcuireadh tús leis an gcéim dhearaidh, agus go bhfuil sainchomhairleoir ceaptha. Meastar go gcuimseoidh scéim na n-oibreacha séaraigh nua, príomhphíopaí nua ardaitheacha, agus dhá stáisiún caidéalúcháin nua, lena n-áirítear ceann nua i mBaile na nGall.

“Cé nach bhfuil sé ar tí tarlú, is scéal dearfach é go bhfuil an réamhobair tosnaithe. D’iarr mé ar Uisce Éireann dul i mbun chomairliúcháin poiblí chun cinntiú go bhfuil tuairimí an phobail curtha san áireamh ag an gcéim seo.”

%d bloggers like this: