Conor D. McGuinness: Caithfidh an Rialtas Stop a Chur le Focail Fholmha – agus Gníomhú ar Gaza

Tá Conor D. McGuinness, TD Shinn Féin do Phort Láirge, tar éis a rá nach féidir leis an Rialtas leanúint dul i bhfolach taobh thiar d’fhocail folmha, agus iad ag diúltú gníomh dáiríre a dhéanamh chun freagairt ar na coireanna atá á ndéanamh in Gaza.

“Dúirt an UN an mhí seo go bhfuil cogadh gan teorainn ar siúl i nGaza. Chuala an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta fianaise faoi ionsaithe gan fasach ar fhoireann agus ar mhaoin na Náisiún Aontaithe. Cuireadh ionsaí ar long chabhrach in aice le hOileán Mhálta le déanaí. Tá níos mó ná 52,000 marbh,” a dúirt Conor D. McGuinness. “Agus cad atá an Rialtas seo ag déanamh? Ag labhairt.”

“Tá daoine bréan de ráitis fholmha,” a dúirt sé.

“Tá muintir na hÉireann tar éis crógacht agus soiléireacht a léiriú. Tá sé in am don Rialtas teacht suas leo. Deir an Rialtas go bhfuil sé ag baint úsáid as ‘gach uirlis atá ar fáil’ – ach níl. Tá an Bille um Chríocha faoi Fhorghabháil fós blocáilte. Tá ceadúnais onnmhairithe do tháirgí ‘dual-use’ fós á dtabhairt. Níor éilíodh fiú athbhreithniú ar an gcomhaontú trádála AE-Iosrael. Agus tá ár n-aerspás agus calafoirt fós á n-úsáid ag cuideachtaí arm gan aon scrúdú poiblí.”

Dúirt sé gur “stát fiáin a bhfuil misneach gan teorainn aige” atá in Iosrael, “mar níor tháinig aon iarmhairt nó smachtbhannaí dáiríre riamh air.”

“Le 18 mí anuas, tá muid ag breathnú ar arm Iosrael ag marú agus ag ocrais an phobail i nGaza. Tá sé brúidiúil, mídhleathach agus mí-dhaonna – agus tá ceannairí an domhain ag breathnú i leataobh. Tá freagracht ar Éirinn seasamh leis an gceart.”

Cháin sé an Rialtas as na gealltanais a rinne an Taoiseach agus an Tánaiste a bhriseadh. “Gheall siad tacaíocht don Bhille um Chríocha faoi Fhorghabháil. Anois tá siad á lagú. Ghlac siad leis an sainmhíniú IHRA ach diúltaigh siad sainmhíniú a thabhairt ar fhrith-Palaistíneachas. Tugann siad cuireadh do pholaiteoirí Mheiriceá a chosnaíonn coireanna cogaidh – agus fanann siad ciúin nuair a bhíonn ealaíontóirí Éireannacha agus cosantóirí cearta daonna á n-ionsaí as an bhfírinne a rá.”

“Nuair a bhíonn foireann an UN á marú, nuair atá gníomhaithe daonnúla cosúil le Caoimhe Butterly i mbaol, agus nuair atá dlí idirnáisiúnta á scriosadh os ár gcomhair amach, níl sé sách maith lámha a chroitheadh,” a dúirt sé. “Tá sé de dhualgas ort gníomhú. Agus tá an Rialtas seo ag diúltú sin a dhéanamh.”

Dúirt sé freisin go bhfuil an pobal ag éirí as ciúnas. “Tá na mílte tar éis dul amach ar na sráideanna. Tá siad tar éis a nglór a ardú. Tá siad ag éileamh gníomh dáiríre le Palaistín – agus tá an Rialtas ag déanamh neamhaird orthu. Tá sé thar am go gcloisfidh siad an pobal agus go ngníomhóidh siad dá réir.”

“Cuir an Bille um Chríocha faoi Fhorghabháil i bhfeidhm. Cuir an comhaontú trádála AE-Iosrael ar fionraí. Dí-infheistiú ar leibhéal an stát agus ár mBanc Ceannais.Cuir deireadh le honnmhairí táirgí dual-use. Dún ár n-aerspás agus calafoirt don trádáil arm. Sin í an cheannaireacht. Ní ciúnas. Ní moill. Ní comhpháirtíocht. Tá sé in am gníomhú.”