
Tá achainí curtha isteach chuig an gComhairle ag iarraidh ar an bPríomhfheidhmeannach dul i ngleic leis an ngéarchéim i Heilbhic láithreach. Ní feidir le báid teacht nó imeacht ón gcuan ag brath ar an taoide. Pléadh an ábhar ag cruinniú poiblí ar an gcé tráthnóna dé hAoine agus nochtaigh iascairí agus a gclanne a mbuairt mar gheall ar an drochstaid.
Dúirt an ionadaí áitiúil Shinn Féin Conor D. McGuinness:
“Tá dreidireacht ag teastáil go géar i gCé Heilbhic. Le tamaill anuas tá deacrachtaí ag iascairí agus báid eile teacht isteach nó dul amach as an gCuan de dheasca an siolta agus an gaineamh atá sa chuan. Tá an drochstaid seo ag cur isteach ar chumas iascairí na háite a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach agus go sábháilte. Tá bád dreidireachta i heilbhic cheana féin ag déanamh suirbhé i gCuan Dhún Gharbhán thar cheann Uisce Éireann, agus tá an treallamh agus an cumas ann dreidireacht a dhéanamh.
“Tá tabhacht stáitéiseach ag Cé Heilbhic mar bhunáit don bád tarrthála do chuan Dhún Garbhán agus an farraige máguaird. Is géarchéim sláinte agus sábhailteachta é faoin tráth seo agus tá sé thar ama an fadhb a réiteach. A
Tá an achainí seo ag iarraidh ar Chomairle Phort Lairge dreidireacht a thosnú láithreach ar bhonn sláinte agus sábháilteachta agus rochtain iseach agus amach a chinntiú do bháid an cheantair.”