Guth láidir don Ghaeltacht geallta ag McGuinness

Guth láidir don Ghaeltacht geallta ag McGuinness.jpeg
Tá sé geallta ag Conor D. McGuinness, iarrthóir áitiúil de chuid Shinn Féin, go mbeidh sé mar ghuth nua agus guth láidir do mhuintir na Gaeltachta.
Ag labhairt i ndiaidh crúinniú boird Fhoras na Gaeilge a reachtálfar i gColáiste na Rinne dúirt McGuinness go ndéanfaidh sé a ndícheall tacú le cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt na Gaeltachta dá dtoghfar é ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.
“Mar Ghael agus mar duine a bhfuil conaí air sa Ghaeltacht, táim tiomnaithe troid ar son muintir na Gaeltachta agus ar son lucht labhartha na Gaeilge sna ceantracha máguaird.
“Is í Gaeltacht na nDéise an t-aon cheantar Gaeltachta gur fás i dtaobh líon na gcainteoirí dé réir an daonáirimh is déanaí, ach ní féidir linn bheith bogásach. Tá plean teanga don cheantar, comhlucht forbartha gníomhach agus oifigeach pleanála teanga nua-cheaptha. Maraon le seo tá Dún Garbhán ainmnithe mar Baile Seirbhíse Gaeltachta agus tá obair ar bhun chun an Gaeilge a neartú ar fud Iarthar Phort Láirge.
“Mar chomalta boird ar Fhoras na Gaeilge agus mar ionadaí áitiúil déanfaidh mé mo ndícheal ionadaíocht a dhéanamh ar son muintir Gaeltacht na nDéise.”
%d bloggers like this: